Public consultation on proposal for NREC Fees – Financial Year 2026

Start date of consultation: 28 October 2025
Closing date of consultation: 10 November 2025

The National Office for Research Ethics Committees invites comments on proposed ethics application fees for 2026 for:
• clinical trials on medicinal products for human use conducted under the Clinical Trials Regulation
• clinical investigation of medicinal products conducted under the Medical Devices Regulation
• performance studies of clinical investigations conducted under the In Vitro Diagnostic Regulation

Public consultation document

Read the Public Consultation on proposal for NREC application Fees – Financial year 2026.
The document summarises the outcome of the review of fees, sets out the legislative and operating environment, service levels and activities, and details anticipated changes in service levels and activities from next year. Specifically, it outlines the implications on fees, and provides a proposed payment schedule and fee breakdown for review.

The Health Products Regulatory Authority has commenced its independent public consultation on proposed HPRA fees for 2026.

This consultation complies with government policy on public consultation, as described in the document ‘Consultation Principles and Guidance

To contribute

Please email your comments to nationaloffice@nrec.ie with subject “NREC fees consultation” by 10 November 2025

How responses will be used

Information shared by respondents will be used to inform the finalisation of fees charged for ethics assessment of applications to the NRECs in 2026. A response document will be published on the National Office website and will provide a general overview of the comments received and the changes made, if any to the proposal as a result.

Comhairliúchán poiblí ar mholadh maidir le Táillí do CNETanna – Bliain Airgeadais 2026

Dáta tosaithe an chomhairliúcháin: 28 Deireadh Fómhair 2025
Dáta deiridh an chomhairliúcháin: 10 Samhain 2025

Tá an Oifig Náisiúnta um Choistí Eitice Taighde ag lorg tuairimí maidir le táillí ar iarratais eitice atá beartaithe don bhliain 2026 i ndáil leis an méid seo a leanas:
• trialacha cliniciúla ar tháirgí míochaine lena n-úsáid do dhaoine a dhéantar faoin Rialachán maidir le Trialacha Cliniciúla
• imscrúdú cliniciúil ar tháirgí míochaine a dhéantar faoin Rialachán maidir le Feistí Leighis
• staidéir fheidhmíochta ar imscrúduithe cliniciúla a dhéantar faoin Rialachán maidir le Diagnóisic In Vitro

Doiciméad an chomhairliúcháin phoiblí

Léigh an Comhairliúchán Poiblí ar an moladh maidir le Táillí ar Iarratais ó NREC – Bliain Airgeadais 2026.
Sa doiciméad, déantar achoimre ar thoradh an athbhreithnithe ar tháillí; leagtar amach an timpeallacht reachtach agus oibriúcháin, na leibhéil seirbhíse agus na gníomhaíochtaí seirbhíse; agus sonraítear na hathruithe tuartha sna leibhéil agus sna gníomhaíochtaí seirbhíse ón mbliain atá le teacht. Go sonrach, leagtar amach ann na himpleachtaí ó thaobh táillí de agus cuirtear sceideal beartaithe íocaíochta agus miondealú beartaithe um athbhreithniú ar tháillí ar fáil ann.
Tá tús curtha ag an Údarás Rialála Táirgí Sláinte (ÚRTS) lena chomhairliúchán poiblí neamhspleách ar tháillí an ÚRTS atá beartaithe don bhliain 2026.
Comhlíonann an comhairliúchán seo beartas an rialtais maidir le comhairliúchán poiblí, mar a thuairiscítear sa doiciméad ‘Prionsabail agus Treoirlínte Comhairliúcháin

Chun cur leis

Le do thoil, seol do chuid tuairimí le ríomhphost chuig nationaloffice@nrec.ie agus úsáid an líne ábhair “NREC fees consultation” roimh an 10 Samhain 2025.

Conas a úsáidfear freagraí

Úsáidfear an fhaisnéis a chuireann freagróirí ar fáil chun eolas a chur ar an socrú deiridh maidir leis na táillí a ghearrfar ar na CNETanna in 2026 as measúnú eitice ar iarratais. Foilseofar doiciméad freagartha ar shuíomh gréasáin na hOifige Náisiúnta, a mbeidh forbhreathnú ginearálta ann ar na tuairimí a fuarthas agus na hathruithe, más ann dóibh, a rinneadh ar an togra dá mbarr.

 

Posted in
Scroll to Top